Taispeántas
- Taispeántas: Dearbhú Schuman
- An Preasagallamh

An 9 Bealtaine 1950, rinneadh seomra preasa de ‘Salon de l’Horloge’ ag Quai d’Orsay – ‘Seomra an Chloig’ sa Roinn Gnóthaí Eachtracha. Ar 18.00, léigh Schuman a óráid – a bhí athdhréachtaithe naoi n-uaire faoin tráth seo. Ós rud é nach ndearnadh an preasagallamh a fhógairt go dtí an nóiméad deireanach, ní raibh mórán iriseoirí i láthair.
Ní raibh aon ghrianghrafadóir i láthair ag an ócáid. Ar an gcúis chéanna, ní raibh lucht an raidió ná na teilifíse i láthair ach oiread. Níorbh fhada go raibh ar Schuman a dhearbhú a athdhéanamh chun go ndéanfaí é a thaifeadadh i gceart chun críoch stairiúil.
Caibidlí
Schuman, ‘Fear na dTeorainneacha’ Fadhbanna Franc-Ghearmánacha Comhpháirtíocht Monnet-Schuman Comhthiomsú Guail agus Cruach Nuálaíocht Institiúideach ‘Buama Schuman’ an 9 Bealtaine 1950 Tacú Polaitiúil An Preasagallamh Freagairtí ar Dhearbhú Schuman Na Dúshláin a Bhain le Plean Schuman Caibidlíocht Chonradh CEGC Caibidlíocht Iltaobhach Síniú Chonradh CEGC Daingniú Chonradh CEGC Teacht i bhFeidhm Chonradh CEGC Robert Schuman, an Chéad Uachtarán ar Thionól Parlaiminteach na hEorpa Strasbourg, croí na hEorpa Creidiúintí