Ceannródaí polaitiúil do neamhspleáchas na hÉireann agus an chéad bhean a toghadh chun na Parlaiminte i Westminster
Ba cheannaire sa chath ar son neamhspleáchas na hÉireann agus ceannródaí polaitiúil í Constance Markievicz. Ba í an chéad bhean a toghadh chun na Parlaiminte i Westminster, agus bhí sí ar dhuine de na chéad airí rialtais san Eoraip.
Céard a bhí i saol luath Constance Markievicz?
Rugadh í sa bhliain 1868 agus tógadh í ar eastát mór i Sligeach in iarthar na hÉireann. Ba iníon í le barún, taiscéalaí Artach agus eachtránaí, an Ridire Henry Gore-Booth. Bhí Constance agus a deirfiúr ina gcairde leis an bhfile W.B. Yeats.
Bhí óige chultúrtha, shaibhir agus phribhléideach aici. Spreag a hathair aire inti, áfach, faoi chás na ndaoine bochta agus an lucht oibre.
Ní raibh mórán deiseanna do mhná le staidéar a dhéanamh i mBaile Átha Cliath ag an am. Sna 1890idí, chuaigh Constance go Londain chun oiliúint a fháil mar phéintéir. Is ann a d’éirigh sí gníomhach sa pholaitíocht agus ghlac sí páirt i gcumainn a bhí i mbun feachtais ar son cead vótála na mban. D’aistrigh sí níos déanaí go Páras chun staidéar a dhéanamh san Académie Julian.
Is ann a bhuail sí lena fear céile, Casimir Markievicz—an Cunta Markievicz mar a thugtaí air i bPáras—ealaíontóir a raibh a mhuintir ón Úcráin. Phós siad i Londain i 1900, agus tar éis sin tugadh ‘an Chuntaois Markievicz’ ar Constance.
D’aistrigh siad go Baile Átha Cliath i 1903 agus ghlac siad páirt i saol ealaíonta agus liteartha na cathrach.
Céard a bhí ról na Cuntaoise Markievicz i saoirse na hÉireann?
Bhí an lánúin gníomhach i measc scríbhneoirí, filí, drámadóirí, ealaíontóirí agus péintéirí—bhí siad ag péinteáil, ag cur drámaí ar stáitse, ag freastal ar shalúnna agus ag bunú cumann ealaíonta.
Ag an am sin in Éirinn, bhí gluaiseachtaí ag méadú a bhí ag iarraidh neamhspleáchas don tír. Thacaigh gluaiseachtaí cultúrtha mar Chonradh na Gaeilge leis an nGaeilge agus leis an gcultúr Gaelach, agus bhí siad ag éirí níos láidre i gcomhthéacs imeachtaí polaitiúla agus réabhlóideacha.
Ó 1908 ar aghaidh, bhí Markievicz gníomhach go hiomlán i bpolaitíocht náisiúnach na hÉireann.
Ghlac sí ballraíocht i Sinn Féin, chomh maith le gluaiseachtaí réabhlóideacha na mban. I 1909, bhunaigh sí agus daoine eile Fianna Éireann, campa traenála paramíleata d’óige a mhúin do bhuachaillí sna déaga conas a úsáideann siad airm.
I 1911, gabhadh í as léirsíú in aghaidh chuairt an Rí Seoirse V ar Éirinn. Spreag a bunaitheoir, Séamas Ó Conghaile, í dul isteach san Arm Cathartha na hÉireann. Tar éis sin, dhear sí an cultacha agus an t-aintiún don arm.
In Aibreán 1916, ghlac sí páirt in Éirí Amach na Cásca, ceannairc phoblachtánach in aghaidh rialtas na Breataine in Éirinn, in éineacht le trodaithe mná eile cosúil le Mary Sheldreck agus Nora Ashe.
De réir cuntais amháin, scaoil sí ball (gan arm) de Phóilíní Chathair Átha Cliath, a fuair bás ina dhiaidh sin de bharr a ghortuithe.
Tar éis géilleadh na gceannairceach, gabhadh agus cuireadh i bpríosún í. Cé go cuireadh cuid mhaith de cheannaircigh 1916 chun báis, spáráladh Markievicz ón bpionós báis toisc gur bhean í. Ina ionad sin, gearradh príosún saoil uirthi. I 1917, scaoileadh saor í faoi mhaithiúnas mar gheall ar Éirí Amach 1916.
Céard a bhí ról na Cuntaoise i gcúrsaí polaitíochta?
I mí Feabhra 1918, le cead vótála ag roinnt ban den chéad uair, sheas sí mar iarrthóir san olltoghchán. Ar an 28 Nollaig 1918, ba í an chéad bhean a toghadh chun Parlaimint na Breataine.
Mar gheall ar bheartas a páirtí, Sinn Féin, dhiúltaigh sí glacadh lena suíochán i dTeach na dTeachtaí. Ina ionad sin, bhunaigh sí agus baill eile de Shinn Féin rialtas sealadach, Dáil Éireann. Ceapadh í mar Aire Oibreachais ó 1919 go 1922.
Sna blianta ina dhiaidh sin, tharla Cogadh na Saoirse (1919-1921) agus Cogadh Cathartha na hÉireann (1922-1923).
Tríd an suaiteacht pholaitiúil a lean sna 1920idí, lean an Chuntaois Markievicz ar aghaidh lena feachtasaíocht pholaitiúil agus lena gníomhartha ceannairceacha. Ghlac sí páirt i léigear, cuireadh i bpríosún í agus chuaigh sí ar stailc ocrais - gach rud in ainm an chatha ar son neamhspleáchas na hÉireann agus cearta an lucht oibre agus na mbocht in Éirinn.
I 1927, áfach, tar éis blianta fada ag troid agus i bpríosún, d’éag an Chuntaois Markievicz agus í 59 bliain d’aois. Faoin am sin, bhí sí tar éis a cuid saibhris a thabhairt uaithi agus chaith sí a laethanta deiridh i mbarda poiblí in ospidéal i mBaile Átha Cliath.
Aistriúchán: Merlin Pearson, MA in Translation Studies, University College Cork