Tar ar leachtanna agus cuimhneacháin in ardchathair na hÉireann.
Nuair a fhéachaimid ar dheilbh a thugann ómós do shaolta daoine cáiliúla – agus daoine cáilmhíre – ar shráideanna ar fud na hEorpa, cé chomh minic a bhíonn a fhios againn cé hiad na dealbhóirí taobh thiar de na deilbh sin?
Cé gur annamh a fhaightear deilbh a thugann ómós do mhná, is fiú níos annamaí fós saothar dealbhóirí baineanna a aimsiú.
Ar shráideanna Bhaile Átha Cliath, príomhchathair na hÉireann, faighimid trí shampla d’ealaín phoiblí a chruthaigh dealbhóirí mná – déanaimis iniúchadh orthu.
Molly Malone le Jeanne Rynhart
Tá an curfá "In Dublin’s fair city, where the girls are so pretty, I first set my eyes on sweet Molly Malone" le fáil in amhrán traidisiúnta faoi Bhaile Átha Cliath.
Is díoltóir éisc í Molly Malone, carachtar ficseanúil a dhíolann ruacain agus diúilicíní as a cairt. Faigheann an Molly ficseanúil seo bás go hóg de bharr fiabhrais, agus tá sí comórtha le dealbh i lár Bhaile Átha Cliath.
Tá an dealbh – a tógadh i 1988 chun mílaoise Bhaile Átha Cliath mar chathair a cheiliúradh – ina saothar ealaíne le dealbhadóir Jeanne Rynhart. Ar dtús, bhí sí suite in aice leis an tsráid siopadóireachta ghnóthach, Sráid Grafton, agus níos déanaí bogadh í níos gaire d’oifig turasóireachta na cathrach.
Rugadh Rynhart i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1946, agus rinne sí staidéar i mBaile Átha Cliath agus i gCoventry sa Ríocht Aontaithe. Nuair a d’fhill sí ar Éirinn, bhunaigh sí gailearaí agus ceardlann dealbhóireachta.
Tá a saothair ealaíne le fáil i gcathracha agus bailte eile ar fud na hÉireann freisin: dealbh de Mháire Uí Chonchúir (ar a dtugtar ‘Rós Thrá Lí’) i dTrá Lí, Contae Chiarraí, chomh maith le dhá dhealbh d’Annie Moore – an chéad inimirceach Éireannach go dtí na Stáit Aontaithe – i gCobh, Contae Chorcaí agus ag Ellis Island, Nua-Eabhrac. Fuair Rynhart bás i mí an Mheithimh 2020.
Leacht Cuimhneacháin don Éirí Amach 1916 le Dora Sigerson Shorter
Is reilig mhór í Reilig Ghlas Naíon, suite i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath, a chlúdaíonn 132 acra. Tá uaigheanna agus cuimhneacháin ann do dhaoine suntasacha i stair na hÉireann.
Ceann de na cuimhneacháin sin is ea an Leacht Cuimhneacháin don Éirí Amach 1916, dealbh a rinne Dora Sigerson Shorter.
Tá an dealbh marmair lonnaithe i struchtúr aoilchloiche Éireannach, agus léiríonn sí fear ag cosa na mná.
Tá an dá íomhá thuas le caoinchead chuntas Instagram Statues of Dublin.
Dírithe ar cheannairí an Éirí Amach a cuireadh chun báis, bhí an dealbh ina hábhar mór suime ag Sigerson Shorter, a bhí chomh buartha faoin Éirí Amach go ndúradh tar éis a báis gur "thug briseadh croí a bás".
Chomh maith le bheith ina dealbhóir, ba fhile í Dora Sigerson Shorter. Is féidir dhá chnuasach dá cuid filíochta a léamh ar Europeana.
Cuimhneachán an Athar Mathew le Mary Redmond
Tá roinnt dealbh le feiceáil ar phríomhshráid Bhaile Átha Cliath, Sráid Uí Chonaill. I measc na ndealbh sin, tá cuimhneachán don tAthair Mathew, atá suite faoi scáth an Túr Solais (bogtha óna sheanáit ar an tsráid).
Comórann an dealbh mór gaineamhchloiche seo an Sagart Theobald Mathew, a bhunaigh agus a threoraigh cumainn staontachta sa 19ú haois. Bhí na cumainn seo tiomanta do staonadh ón ól, agus d’éirigh leo líon ollmhór ball a mhealladh.
Faoi bharr a réime sna 1840idí, chláraigh an ghluaiseacht níos mó ná 3 mhilliún duine – níos mó ná leath an daonra fásta in Éirinn ag an am sin. Inniu, tá ainm an Athar Mathew le feiceáil ar shráideanna, droichid, eaglaisí agus áiteanna eile i gcathracha agus i mbailte ar fud na hÉireann.
Nochtadh an dealbh sna 1890idí, agus ba í an dealbhóir as Baile Átha Cliath, Mary Redmond, a dhear í, tar éis di comórtas a bhuachan chun an cuimhneachán a dhearadh.
Rinne Redmond staidéar i mBaile Átha Cliath agus sa Róimh, agus bhí cáil uirthi go príomha as dealbha portráide agus dealbha brád. Sa bhliain chéanna ar nochtadh a leacht cuimhneacháin don Athair Mathew, phós sí agus d’aistrigh sí go Londain ar dtús, agus níos déanaí go Florence.
Buíochas le Statues of Dublin | James Curry, Staraí Cónaitheach Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
Aistriúchán: Merlin Pearson, MA in Translation Studies, University College Cork