Cad é bunús an chroissant, agus cad a léiríonn sé?
Sa lá atá inniu ann, is siombail de chócaireacht na Fraince é an croissant, agus baintear taitneamh as ar fud an domhain. Ach an bhfuil a fhios agat go dtéann stair an chroissant thar theorainneacha na Fraince go dtí áiteanna eile san Eoraip?
Is taosrán calógach le blas ime é an croissant. D’fhorbair báicéirí Francacha an croissant nua-aimseartha sna 19ú agus 20ú haois, agus tá go leor teoiricí agus díospóireachtaí faoi bhunús an taosráin seo. Léigh ar aghaidh chun foghlaim faoi bhunús an chroissant agus faoin gcaoi ar éirigh leis bheith ina shiombail de chócaireacht na Fraince.
An bhfuil an croissant Ostarach i ndáiríre?
Aontaítear go forleathan gur tháinig an smaoineamh don chroissant ó thaosrán Ostarach ar a dtugtar an kipferl, ar cosúil le corrán é. Tagann an focal "croissant" ón gcruth sin.
Tá kipferl á ndéanamh agus á n-ithe san Ostair ón 13ú haois anuas. Déantar kipferl as cineálacha éagsúla taosráin, agus tá leaganacha milse agus blasaithe araon ann. Sa lá atá inniu ann, má ordaíonn tú kipferl, is é is dóichí go bhfaighidh tú briosca seachas arán nó brioche.
Tá brioche kipferl fós á ndíol inniu san Ostair.
Tá tóir ar kipferl briosca, ar a dtugtar go minic vanillekipferl.
Finscéalta agus Miotais
Deir finscéal amháin gur chruthaigh báicéirí Ostaracha an kipferl chun ceiliúradh a dhéanamh ar chailleadh na Ríochta Otamánaí i gCath na Vín i 1683 – meastar gur spreag cruth an kipferl an bhratach Otamánach.
Creidtear go forleathan, áfach, gur scéal maith amháin atá ann, ach nach bhfuil bunús fíorasach leis.
Tá scéal eile ann a mhaíonn gur tháinig an croissant go dtí an Fhrainc le Marie Antoinette, í ag tabhairt blas dá hóige Ostarach chuig cúirt an Rí Louis XVI.
Faraor, níl aon fhianaise stairiúil ann a thacaíonn le ceachtar den dá scéal.
Cuireadh na croissant ina láthair sa bhFrainc go mall sa 17ú aois, ach ní bhfuair siad éileamh go forleathan go dtí an 19ú aois.
Conas a ghlac an Fhrainc an croissant
Go mall sna 1830idí, bhunaigh August Zang, oifigeach artléire Ostarach, bácús Víneach (an Boulangerie Viennoise) ar Rue de Richelieu i bPárás. Dhíol an bácús speisialtachta Víneach, an kipferl san áireamh. D’éirigh sé an-choitianta go tapa agus spreag sé bácéirí fraincise eile.
Mhéadaigh an tóir a bhí ar na croissant mar bia bricfeasta - fiú amháin gur luaigh Charles Dickens iad ina thréimhseachán sna 1870idí.
Meastar gur scríobh an báicéir Francach Sylvain Claudius Goy an chéad oideas don chroissant sa 20ú haois luath.
Tá oideas croissant le fáil i leabhar cócaireachta La Cuisine Anglo-Américaine ó 1915. Seachas taos brioche, mar a d’úsáid August Zang, deirtear gur chuir an t-oideas seo taos giosta lannaithe in ionad an bhrioche, rud a thug an uigeacht thanaí, chalógach ime don chroissant.
Creidtear freisin, áfach, go raibh an chéad oideas i leabhar cócaireachta Nouvelle Encyclopédie Culinaire, a d’fhoilsigh Auguste Colombié i 1906.
An Croissant mar Bhia Bricfeasta
I rith an 20ú haois, d’éirigh an croissant ina bhunriachtanas don bhricfeasta Francach, go háirithe le méadú na gcaiféanna agus na pâtisseries. Faoi dheireadh na 1920idí, bhí an croissant ar fáil i mbeagnach gach caifé i bPáras. Leath tóir an chroissant ar fud an domhain, ag cur bonn faoina stádas mar shiombail clasaiceach de chócaireacht na Fraince.
Sa lá atá inniu ann, tá athruithe curtha ar an gcroissant, agus tá leaganacha éagsúla ann, mar shampla: Pain au chocolat (croissant líonta le seacláid), Croissants leasaithithe (lán le liamhás agus cáis),Leaganacha eile a chuimsíonn blasanna agus líonadh éagsúla.
Baintear taitneamh as an gcroissant ar fud an domhain inniu, rud a léiríonn an gréasán casta de stair an bhia Eorpaigh.
Bíonn leaganacha éagsúla de chroissants agus kipferl le fáil ar fud na hEorpa, le taois éagsúla, líonadh éagsúil, agus stíleanna éagsúla. Rinne an croissant turas fada ón Ostair go dtí an Fhrainc agus níos faide fós ar fud an domhain, rud a léiríonn conas a thugann traidisiúin bhia daoine le chéile agus conas a fhorbraíonn siad le himeacht ama.
Aistriúchán: Merlin Pearson, MA in Translation Studies, University College Cork