Is le déanaí a baineadh amach vótáil chomhchoiteann ar fud an Aontais agus níos faide i gcéin. Mar sin, cathain a dheonaigh gach tír comhchearta iomlána vótála do mhná?
Cad atá i gceist le vótáil chomhchoiteann?
Is éard is brí le vótáil chomhchoiteann gur féidir le gach duine fásta - mná agus fir - vóta a chaitheamh ar comhchéim.
I gcaitheamh na mblianta, ní hamháin gur lorgaíodh vótáil chomhchoiteann chun cúrsaí a dhéanamh cothrom do mhná, ach freisin d'fhir áirithe nach raibh in ann vóta a chaitheamh mar gheall ar shrianta cosúil leis na cinn atá bunaithe ar reiligiún, eitneachas, oideachas, nó saibhreas.
Mar shampla, in 1865 sna Stáit Aontaithe, tar éis dheireadh Chogadh Cathartha Mheiriceá, saoradh sclábhaithe - ar diúltaíodh cearta vótála dóibh - ón sclábhaíocht, agus tugadh cearta dóibh mar shaoránaigh. Ansin sa bhliain 1870, tugadh ceart vótála do gach uile fhear fásta, rud a cheadaigh d'fhir fhásta a bhí ina sclábhaithe roimhe sin vóta a chaitheamh ansin (cé gur bhunaigh roinnt stát srianta eile ina dhiaidh sin).
Cathain a baineadh amach comhcheart vótála d'fhir agus de mhná san Aontas Eorpach?
Taispeántar sa liosta seo gach tír atá ina mball den Aontas agus an bhliain a baineadh vótáil chomhchoiteann bhuan amach, is é sin le rá, an dáta óna raibh fir agus mná araon in ann vóta a chaitheamh i dtoghcháin náisiúnta ar comhchéim.
Tír | Bliain |
---|---|
An Bheilg | 1948 |
An Bhulgáir | 1944 |
An Chipir | 1960 |
An Chróit | 1945 |
An Danmhairg | 1915 |
An Eastóin | 1918 |
An Fhionlainn | 1906 |
An Fhrainc | 1944 |
An Ghearmáin | 1918 |
An Ghréig | 1952 |
An Iodáil | 1945 |
An Ísiltír | 1919 |
An Laitvia | 1918 |
An Liotuáin | 1918 |
Tír | Bliain |
---|---|
An Ostair | 1918 |
An Pholainn | 1918 |
An Phortaingéil | 1976 |
An Rómáin | 1946 |
An Spáinn | 1931 |
An tSeicia | 1920 |
An tSlóivéin | 1945 |
An tSlóvaic | 1920 |
An tSualainn | 1921 |
An Ungáir | 1945 |
Éire | 1922 |
Lucsamburg | 1919 |
Málta | 1947 |
Cén tír arbh í an chéad tír a cheadaigh vóta comhionann do mhná?
Dheonaigh an Chorsaic ceart vótála ar mhná sa bhliain 1755 ach cealaíodh é nuair a d'ionghabh an Fhrainc í sa bhliain 1769.
An chéad náisiúnstát a dheonaigh vótáil chomhchoiteann bhuan ná an Nua-Shéalainn sa bhliain 1893.
Ba í an Fhionlainn an chéad tír Eorpach a dheonaigh an ceart uilechoiteann vótála do mhná in 1906.
Chuir go leor tíortha reachtaíocht dhá chéim (nó níos mó) chun feidhme nár cheadaigh ach do mhná áirithe vótáil ar dtús.
Mar shampla, sa bhliain 1918, bhain mná na hÉireann an ceart vótála amach ag 30 bliain d'aois (má bhí dóthain maoine ina seilbh), ach d'fhéadfadh fir vóta a chaitheamh ag 21 bliain d'aois cé acu an raibh maoin acu nó nach raibh. Sa bhliain 1922, thug Saorstát Éireann comhchearta vótála d'fhir agus do mhná. Thug Oileán Mhanann (spleáchríoch fhéinrialaitheach de chuid Choróin na Breataine ar saoránaigh Bhriotanacha iad a muintir) an vóta do bhan-uinéirí talún sa bhliain 1881, 37 bliain sula ndearna an Ríocht Aontaithe amhlaidh, agus 47 bliain sular deonaíodh vótáil chomhchoiteann ar fud na Ríochta Aontaithe sa bhliain 1928.
Díreach toisc gur deonaíodh vótáil chomhchoiteann, níorbh ionann sin agus a rá go bhféadfadh mná a gceart vótála a ghlacadh láithreach. Ba mhinic a thagadh an deis chun vóta a chaitheamh sa chéad toghchán míonna nó fiú blianta ina dhiaidh sin.
Sa Liotuáin, mar shampla, d'athraigh an bunreacht in 1918 agus bhain mná úsáid as a gceart den chéad uair in 1919. Sa Ghréig, tháinig an dlí isteach in 1952 ach b'éigean do mhná fanacht go dtí 1956 don chéad olltoghchán eile. San Eiritré, san Afraic Thoir, tugadh an ceart vótála do gach saoránach in 1997 ach níor reáchtáladh toghchán náisiúnta inti fós.
Go minic bhíodh mná in ann vóta a chaitheamh i dtoghcháin áitiúla sular ceadaíodh dóibh vóta a chaitheamh i dtoghcháin náisiúnta. Ciallaíonn sin go bhféadfadh sé gur chaith mná vóta den chéad uair riamh i gceantair thuaithe Stáit Friesland (ar a dtugtar cúige de chuid na hÍsiltíre sa lá atá inniu ann) nuair a tugadh cead do bhan-úinéirí talún vóta a chaitheamh go háitiúil sa bhliain 1689. D'fhéadfadh mná na Sualainne vóta a chaitheamh i dtoghcháin áitiúla áirithe sa bhliain 1718 ach cuireadh an ceart sin ar ceal cúpla scór bliain ina dhiaidh sin.
Cad a spreag tíortha an Aontais chun a ndlíthe maidir le vótaí do mhná a athrú?
D'fhág gluaiseachtaí vótála agus cearta na mban go raibh ‘ceist na mná’ mar chuid den díospóireacht phoiblí agus pholaitiúil ar feadh cúpla scór nó fiú na gcéadta bliain sular deonaíodh an vóta ar mhná i ngach tír.
Ach níor tharla na gluaiseachtaí sin gan choinne - bhí siad mar chuid de chomhthéacs polaitiúil a bhíodh ag athrú de shíor. Féach ar an liosta thuas agus feicfidh tú go dtiteann go leor de na dátaí athraithe thart ar thréimhsí stairiúla atá ceangailte le hathruithe móra polaitiúla, amhail neamhspleáchas bainte amach ag tír ar leith, nó tar éis cogadh réigiúnach nó domhanda.
Tháinig reachtaíocht na Fionlainne in 1906 chun cinn i rith na tréimhse go raibh sí ina hArd-Diúcacht fhéinrialaitheach a bhí ionghafa ag an Rúis. Sa bhliain 1907, thogh an Fhionlainn na chéad bhaill pharlaiminte ar domhan a bhí ina mná, ach thóg sé go dtí 2000 go dtí gur vótáladh bean le bheith ina hUachtarán, agus go dtí 2003 le bheith ina Príomh-Aire.
San Eastóin, sa Laitvia agus sa Pholainn, tharla sé nuair a bhain an tír neamhspleáchas amach ón Rúis in 1918. Mar thoradh ar an tréimhse sin i dtreo dheireadh an Chéad Chogadh Domhanda agus an cúpla bliain ina dhiaidh sin deonaíodh vótáil chomhchoiteann san Ostair, sa tSeicia agus sa tSlóvaic (ar a dtugtaí an tSeicslóvaic ag an am), sa Danmhairg, sa Ghearmáin, in Éirinn, sa Liotuáin, san Ísiltír, agus sa tSualainn.
Is iad na hathruithe le linn Dhara Phoblacht na Spáinne (1931-1937) ba chúis le ceart vótála na mban sa Spáinn a bhunú i 1931, ach téann na hiarrachtaí i dtreo na garsprice sin siar go dtí lár na 1800í. Go deimhin, bhí cead vótála ag mná ar feadh tamall gairid idir 1924-1926 ach níor reáchtáladh aon toghcháin le linn na tréimshe sin.
Deonaíodh vótáil chomhchoiteann ar Chróit agus ar Shlóivéin an lae inniu mar chuid de bhunú an dara Iúgslaiv tar éis scaoileadh saor an cheantair ó riail na Gearmáine idir 1944-1945. I measc na dtíortha eile a d'athraigh a gcuid reachtaíochta le linn na tréimhse ama sin de dheireadh an Dara Cogadh Domhanda bhí an Bheilg, an Bhulgáir, an Fhrainc, an Ungáir, an Iodáil, Lucsamburg, agus Málta. Sa Rómáin, cuireadh deireadh leis an srian deiridh ar vótáil sa bhliain 1946. An srian a bhí ann ná nach bhféadfadh ach fir agus mná a d'fhéadfadh léamh agus scríobh vóta a chaitheamh, rud a chuaigh i gcion ar mhná i bhfad níos mó ná fir.
Nuair a d'athraigh an Ghréig chuig náisiúnstát sna 1950í tar éis deireadh an chogaidh chathartha, cuireadh go leor ceisteanna faoin tsochaí, lena n-áirítear ról na mban inti. Dá bharr sin, réitíodh ‘ceist na mban’ go pointe áirithe, ar a laghad, nuair a tugadh dlí isteach in 1952 a thug an ceart vótála do mhná. Ba í sin an bhliain a ndeachaigh an Ghréig isteach in ECAT freisin.
Dheonaigh an Chipir vótáil chomhchoiteann in 1960 i ndiaidh shaoradh na tíre ón mBreatain.
Bhain mná sa Phortaingéil ceart vótála teoranta amach ar dtús sa bhliain 1931, ach ní go dtí 1976 a ghnóthaigh mná cearta vótála iomlána ar comhchéim le fir, tar éis dheireadh réimeas polaitiúil forlámhach Estado Novo.
Cad iad na háiteanna ba dheireanaí a dheonaigh comhcheart vótála do mhná?
San Eoraip, ba iad Lichtinstéin in 1984 agus cantún na hEilvéise Appenzell Innerrhoden in 1991 na dlínsí deireanacha a thug ceart vótála do mhná. Dheonaigh an Eilvéis ceart vótála iomlán sa bhliain 1971 ach ní raibh sé i bhfeidhm i réigiún Appenzell Innerrhoden.
Tugadh an ceart vótála do mhná san Araib Shádach in 2011 agus vótáil siad den chéad uair in 2015. Agus cé go bhfuil an ceart ag mná sa Bhrúiné vótáil, ní raibh toghchán sa tír ó bhí 1962 ann agus mar sin ní raibh mná in ann an ceart sin a fheidhmiú.
Níl ach tír amháin ar domhan nach bhfuil sé de cheart dlíthiúil ag mná vóta a chaitheamh inti - Cathair na Vatacáine. Sin toisc gurb iad na toghcháin amháin a bhíonn ar siúl ann pápa a thoghadh, agus níl de cheart ach ag cairdinéil de chuid na hEaglaise Caitlicí, nach mór dóibh a bheith fireannaigh, vóta a chaitheamh.
Ar ndóigh, tá difríocht idir ceart dlíthiúil agus an saol mar atá i ndáiríre. Cé go bhfuil vótáil chomhchoiteann ann, ní chiallaíonn sé sin gur féidir le gach duine an deis vótála a thapú i gcónaí.
Mar gheall ar eagla roimh chiapadh nó roimh fhoréigean, nó ar an ionchas go mbeadh iarmhairtí ann nó go ndiúltódh a dteaghlach nó an tsochaí iad, nó fiú teorainneacha praiticiúla cosúil leis an gceanglas chun comhartha aitheantais oifigiúil a thaispeáint, cuirtear bac ar roinnt daoine - ar mná nó cuid de phobail faoi mhíbhuntáiste iad an chuid is mó acu - leas a bhaint as a gcearta vótala.
Agus mar sin, leanann an cath ar aghaidh.