Scéal

Cén fáth gur siombail d'Éirinn í an tseamróg?

An chaoi ar mhínigh Naomh Pádraig an Tríonóid Naofa

Léiriú Sepia ar Sheamróg.
le
Adrian Murphy (osclaítear i bhfuinneog nua é) (Europeana Foundation)

Is siombail de chuid na hÉireann í an tseamróg a bhfuil cáil uirthi ar fud an domhain, ach b’fhéidir nach bhfuil a fhios ag mórán daoine conas a tháinig an tseamróg chun bheith ceangailte le hÉirinn.

Toisc go bhfuil an-seanmhian ag muintir na hÉireann agus an Diaspóra Éireannach don tseamróg, chomh maith le haon duine eile a cheiliúrann Lá Fhéile Pádraig, is siombail í a bhíonn le feiceáil ar éadaí agus ar earraí éagsúla.

cláirseach atá clúdaithe le maisiúcháin seamróige.
grianghraf dubh agus bán de thrucail ag fágáil monarcha le seamróg ar a leantóir.
stampa poist le léarscáil d'Éirinn, an focal Eire agus móitífeanna seamróg.
paicéid criospaí le móitífeanna seamróige glasa.

Ná bíodh mearbhall ort – ní hí an sheamair Mhuire atá faoi chaibidil anseo. Tá trí duilleog ag an tseamróg, agus is iad sin a shainíonn í mar shiombail d'Éirinn.

Inniu, tugtar naomhphátrún na hÉireann ar Naomh Pádraig, ach i ndáiríre, ní raibh sé Gaelach. Rugadh é in áit éigin sa Bhreatain Rómhánach, ach tá scoláirí in easaontas faoi shuíomh cruinn a bhreithe. Mhair sé sa 5ú haois, agus tháinig sé go hÉirinn nuair a bhí sé ina sclábhaí, tar éis dó a bheith gafa ag píoráidí.

Bhí sé ina phríosúnach ar feadh sé bliana, agus le linn an ama sin, d’iompaigh sé ar an gCríostaíocht. Faoi dheireadh, d’éalaigh sé as Éirinn agus chuaigh sé ar ais chun na Breataine agus na Fraince le tuilleadh staidéir a dhéanamh. Sa deireadh, d’fhill sé ar Éirinn mar mhisinéir, agus bhí sé mar aidhm aige na Gaeil Phágánacha a iompú agus a bhaisteadh sa gCríostaíocht.

léaráid dubh agus bán de Naomh Pádraig a bhfuil crozier aige, tá léaráid lonrach seamróige thíos faoi.
stampa poist le léaráid gheoiméadrach ghlas a thaispeánann Naomh Pádraig lena ghéaga ardaithe.
grianghraf daite de dhealbh de Naomh Pádraig, i gcúinne foirgneamh brící.

Deirtear gur bhain Naomh Pádraig úsáid as an tseamróg mar chuid dá obair mhisinéireachta.

D'úsáid sé an tseamróg, a bhfuil trí duilleoga ar aon gas amháin aici, mar mheafar chun an Tríonóid Naofa a mhíniú – Dia, Íosa, agus an Spiorad Naomh mar thrí dhuine in aon Dia amháin.

fuinneog gloine dhaite a thaispeánann Naomh Pádraig agus seamróg ina sheilbh aige.

Is cineál seimre í an tseamróg, ach tá luibheolaithe agus an pobal in easaontas faoi cén speiceas seimre í go díreach. Níl sí uathúil d'Éirinn—fásann speicis éagsúla de seimre ar fud na hEorpa.

Tagann an focal Béarla ‘shamrock’ ón nGaeilge ‘seamróg’, a chiallaíonn leagan níos óige de sheamair.

sampla luibheolaíoch de sheamróg.

D'fhorbair gaol na hÉireann leis an tseamróg ón 18ú haois ar aghaidh, díreach mar a d'fhorbair siombailí eile do thíortha eile, cosúil leis an rós do Shasana, an feochadán d’Albain, agus lus an chromchinn don Bhreatain Bheag.

Ceiliúrtar an tseamróg go háirithe i gceol traidisiúnta na hÉireann.

leabhrán ceoil ar a dtugtar 'A Little Bunch of Shamrocks' le léaráid de scata seamróga.

Mar sin, an chéad uair eile a fheiceann tú fleasc seamróg ar Lá Fhéile Pádraig, beidh a fhios agat conas a tháinig an traidisiún seo chun cinn!


Aistriúchán: Merlin Pearson, MA in Translation Studies, University College Cork