Eliška Junková i gcarr rásaíochta, timpeallaithe ag slua fear.
Scéal

Tíománaithe Mná

Seisear ban a rinne stair na ngluaisteán

le
Beth Daley (osclaítear i bhfuinneog nua é) (Europeana Foundation)

Cé a bhí ar an gcéad bhean a thiomáin gluaisteán? Cé hiad na mná a bhí ina gceannródaithe i railíocht agus i rásaíocht? Buail le seisear ban a ghlac páirt i bhforbairt agus i ngaisce thionscal na ngluaisteán le linn na 150 bliain seo caite.

Bertha Benz – an chéad bhean a thiomáin fadraoin

Bean ag caitheamh spéaclaí gréine, taobh thiar de roth cairr.

Ar an 5 Lúnasa 1888, agus í 39 bliain d’aois, ba í Bertha Benz an chéad bhean – i ndáiríre, an chéad duine – a thiomáin carr thar achar fada.

Bhí sí ag déanamh scrúdaithe ar an Patent-Motorwagen trírothach a chum a fear céile, Carl Benz. Thiomáin sí é ó Mannheim go Pforzheim sa Ghearmáin, achar de 105 chiliméadar.

De réir an scéil, rinne sí é chun misneach a thabhairt do Carl agus chun a léiriú dó go raibh a aireagán praiticiúil, ach rinne sí gach rud gan a insint dó. Ghlac sí an gluaisteán ón monarcha go luath ar maidin le cabhair óna mic, Richard agus Eugen (13 agus 15 bliana d’aois).

Ní raibh an t-aistear, a thug í ar cuairt chuig a máthair, gan deacrachtaí. Bhí ar Bertha úsáid a bhaint as a scileanna teicniúla agus a heolas praiticiúil – mar shampla, ghlan sí líne breosla le biorán gruaige agus d’úsáid sí a gairtéar mar ábhar inslithe! Rinneadh na coscáin as adhmad, agus nuair a thosaigh siad ag loiceadh, thug sí cuairt ar choibléir ar an mbealach chun líneáil leathair a chur orthu. Ní raibh ach dhá ghiar ag an ngluaisteán agus bhí air streachailt le fánaí. Bhí ar na buachaillí é a bhrú suas na cnoic.

Tharraing a haistear aird ar an aireagán, rud a chruthaigh an chéad díolachán don chomhlacht.

Minnie Palmer – an chéad bhean i Sasana a raibh gluaisteán aici

Minnie Palmer i gúna traidisiúnta, lena cuid gruaige i plait fada.

Tháinig cáil idirnáisiúnta ar Minnie Palmer tar éis di an phríomhpháirt a ghlacadh sa cheoldráma My Sweetheart le William Gill. D’éirigh an t-aisteoir Meiriceánach leis an dteideal an chéad bhean i Sasana a raibh gluaisteán aici – Rougemont Francach a bhí ann – agus ba í an chéad bhean a thiomáin gluaisteán i 1897.

Camille du Gast – ‘an bhean spóirt ab fhearr riamh’

Grianghraf dubh agus bán de Camille Du Gast le triúr fear.

Bhí Camille du Gast ina fiontraí ildánach – bhí sí ina balúnaí, paraisiútóir, pionsóir, tobaganóir, sciálaí, agus lámhachóir raidhfil. Ba í an dara bean a chuaigh san iomaíocht i rás gluaisteán idirnáisiúnta, agus ba í an chéad bhean a bhí ag rásaíocht go rialta ar an leibhéal idirnáisiúnta. Thug Gordon Bennett, foilsitheoir an New York Herald, "an bhean spóirt ab fhearr riamh" uirthi.

I 1901, bhí Camille ar dhuine den bheirt bhan a ghlac páirt sa rás Páras–Beirlín. Thiomáin sí gluaisteán Panhard 20hp – thosaigh sí san áit dheiridh as 122 tiománaí ach chríochnaigh sí sa 33ú háit. Nuair a chuir rialtas na Fraince cosc ar mhná páirt a ghlacadh i mótarspórt i 1904, dhírigh sí a haird ar luasbháid.

Eliška Junková – ‘Banríon an roth stiúrtha’

Eliška Junková i gcarr rásaíochta.

I 1922, cheannaigh Eliška Junková Bugatti Type 30 lena fear céile, Vincenc Junek.

Ar dtús, ghlac sí le ról an mheicneora, ach nuair a gortaíodh a fear céile, fuair sí an deis suí sa suíochán tiomána. I 1924, ghlac sí páirt i Lachotin–Tremosna agus bhuaigh sí an chatagóir carr turasóireachta. Níorbh fhada go raibh sí ag rásaíocht ar fud na hEorpa in aghaidh na dtiománaithe fireanna ba mhó cáil, ag tuilleamh an leasainm "Banríon an roth stiúrtha".

I 1927, bhuaigh sí sa chatagóir carr spóirt 2-lítear i Grand Prix na Gearmáine ag an Nürburgring nua. Ach i 1928, tharla timpiste rásaíochta a mharaigh a fear céile ag an Nürburgring. Chuir an croíbhriseadh a tháinig i bhfeidhm uirthi críoch lena rannpháirtíocht sa spórt.

Maria Teresa de Filippis - an chéad bhean a thiomáint i bhFoirmle a hAon

Bí ar an eolas go bhfuil ábhar meán leabaithe ó YouTube. Tá breathnú ar na meáin seo faoi réir a dtéarmaí agus a ráitis phríobháideachais. Féach ar a ráitis phríobháideachais le haghaidh tuilleadh eolais ar an gcaoi a n-úsáidtear do shonraí.

de sheirbhísí ábhair thríú páirtí.

Mura bhfuil tú ag iarraidh gach meán leabaithe a luchtú, is féidir leat .

Bhí gairm ghairid ach thábhachtach i bhFoirmle a hAon ag Maria Teresa de Filippis.

Ba í an chéad bhean a thiomáin i bhFoirmle a hAon nuair a rásaigh sí le Maserati 250F i Bealtaine 1958 i Monacó. Níor éirigh léi cáiliú don rás sin, ach níos déanaí sa bhliain, i Grand Prix na Beilge, cháiligh sí sa 19ú háit. Chríochnaigh sí an rás sa 10ú háit (an áit dheiridh), ós rud é gur theip ar charranna eile an rás a chríochnú.

Ghlac sí páirt i rásaí F1 eile, ach níor bhain sí aon chríoch eile amach. Rinne sí a hiarracht dheiridh i Grand Prix Monacó 1959 don fhoireann Behra-Porsche RSK.Níorbh í an easpa ratha amháin a chuir deireadh lena gairm; bhí tionchar ag bás cheannródaí na foirne Porsche i dtimpiste rásaíochta uirthi, agus d’éirigh sí as an spórt.

Michèle Mouton – an chéad bhean a bhuaigh railí Chraobh an Domhain

Michele Mouton, ag caitheamh fearas rásaíochta.

Is iar-thiománaí ráilí Francach í Michèle Mouton. Thosaigh sí ag rásaíocht i 1973, agus níorbh fhada go raibh sí ag buachan Craobhchomórtais na mBan Francach agus Eorpach. I 1981, ba í Michèle agus a comhthiománaí Iodálach Fabrizia Pons na chéad mná a bhuaigh railí Chraobh an Domhain, agus iad ag tiomáint don fhoireann Audi i Sanremo.

I 2010, rinneadh an chéad uachtarán mná di ar an gComisiún Mótarspóirt agus na mBan.

Dúirt sí ag an am: "Tá a n-áit féin ag mná sa mhótarspórt – tá siad tar éis é a chruthú. Ach le blianta fada, d’fhiafraigh daoine díom cén fáth nár lean bean eile mo lorg. Tá súil agam go mbeidh an Coimisiún in ann an cheist sin a fhreagairt agus tacú le mná i ngach réimse den spórt."


Aistriúchán: Merlin Pearson, MA in Translation Studies, University College Cork